Bhí mé ag caint le Conn Ó Muineacháin don podchraoladh “An Líonra Sóisialta” faoi mo obair le DERI, OÉ Gaillimh agus wikis an seachtain seo caite, agus tá sé le fáil anois ar an suíomh anlionra.com inniu.
(Craoltar An Líonra Sóisialta gach seachtain ar an Idirlíon, agus freisin ar na stáisiúin raidió seo a leanas: Flirt FM Gaillimh, Raidió na Life Baile Átha Cliath, Clare FM, Ocean FM Sligeach, KCLR Cill Chainnigh agus Ceatharlach, Wired FM Luimneach agus Failte FM Béal Feirste.)